Féasta Teangacha ar fáil ag Féile Pan Cheilteach 2014

Tá an Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach i nDoire don chéad uair riamh ina cuid staire.
'Mummers' ó Ard Mhacha.'Mummers' ó Ard Mhacha.
'Mummers' ó Ard Mhacha.

Beidh sraith imeachtaí ar siúl ón Chéadaoin 23ú Aibreán go dtí an Satharn 26ú Aibreán a thaiscéalfaidh teangacha, cultúir agus traidisiúin ár gcomharsan Ceilteach mar aon le blaschúrsaí i nGaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban agus i mBreatnais.

Dúirt an Méara, Clr, Martin Reilly, agus é ag spreagadh an phobail leis an deis seo a thapú chun aithne níos fearr a chur ar shaol na gCeilteach: “Tá lúcháir orainn bheith ag tacú leis an Fhéile Pan Cheilteach a bheireann deis do na náisiúin Cheilteacha ar fad - Éire, Albain, an Bhreatain Bheag, Corn na Breataine, an Bhriotáin agus Manainn – theacht chun na cathrach mar chuid de Bhliain Chathair an Cheoil 2014.

Hide Ad
Hide Ad

“Mar aon le clár lán d’imeachtaí ceoil agus damhsa tá clár na dteangacha ar fáil a thugann deis uathúil don phobal dul i dtaithí ar theangacha agus thraidisiúin éagsúla na náisiún Ceilteach agus le haithne níos fearr a chur ar ár gcomharsanaithe Ceilteacha.”

Dúirt Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge le Comhairle Cathrach Dhoire: “Beidh blaschúrsaí teanga á gcur ar fáil gach lá le linn na féile ón Chéadaoin 23ú go dtí an Satharn 26ú Aibreán ag Cultúrlann Uí Chanáin. Maireann na ceardlanna seo tuairim agus uair go leith agus foghlaimeoidh na rannpháirtithe beannuithe bunúsacha i nGaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban agus i mBreatnais. I rith sheachtain na féile beidh sraith léachtaí ar siúl ag Iarsmalann an Túir faoi ábhair éagsúla a bhaineann le teangacha agus cultúir Cheilteacha: Logainmneacha Dhoire; Oidhreacht Ind-Eorpach, Cheilteach agus Ghaelach; Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge Mhanann; Béaloideas Éireann is Alban; agus Ceiltigh Comharsanacha/Ceiltigh Thar Lear: Na Breatnaigh agus na Briotáinigh. Beidh gach léacht sa tsraith ar siúl gach lá ó 1.00in go dtí 2.00in agus cuirfear lón ar fáil.”

Ar an Aoine 25 Aibreán, reáchtáilfear Cèilidh Cholmcille ag Cultúrlann Uí Chanáin ó 10.30-12.00 - imeacht speisialta do lucht labhartha Ghaeilge na hÉireann agus Ghaeilge na hAlban a thabhfarfaidh deis uathúil do Ghaeilgeoirí teacht le chéile, dul i mbun comhrá, éisteacht le ceol agus dreas damhsa seit agus céilí a dhéanamh: deis ar dóigh do dhaoine ceiliúradh a dhéanamh ar theanga, cheol agus dhamhsa na nGael.

I rith na Féile Pan Cheiltí beidh taispeántas Scéal na Gaeilge ar taispeáint ag Cultúrlann Uí Chanáin. Forbraíodh an taispeántas seo i rith na bliana 2013 le stair fhada na Gaeilge sa chathair agus sa cheantar máguaird a thaifeadadh, a achoimriú agus a léiriú go físeach le go spreagfaí daoine le meas athnuaithe a bheith acu ar an teanga agus leis an teachtaireacht a threisiú gur le gach aon duine an Ghaeilge beag beann ar a gcúlra.

Tá gach uile imeacht saor in aisce agus oscailte do chách.